Cuir tús le Grúpa Siúlóide i do Cheantar Áitiúil
953
portfolio_page-template-default,single,single-portfolio_page,postid-953,bridge-core-3.1.3,qode-page-transition-enabled,ajax_fade,page_not_loaded,,qode-title-hidden,footer_responsive_adv,qode-child-theme-ver-1.0.0,qode-theme-ver-30.2,qode-theme-bridge,disabled_footer_top,qode-portfolio-single-template-7,wpb-js-composer js-comp-ver-7.5,vc_responsive

Cuir tús le Grúpa Siúlóide i do Cheantar Áitiúil 

Cuir tús le Grúpa Siúlóide i do cheantar áitiúil le do chosa a shíneadh, le haithne a chur ar do chomharsana, le bheith níos aclaí, le bheith amuigh faoin aer agus le cairdeas nua a chruthú i do cheantar féin. 

Tá grúpaí siúlóide oiriúnach do gach duine idir óg agus aosta. Is féidir le teaghlaigh páirt a ghlacadh iontu agus an madadh a thabhairt leo chomh maith. 

 

Is bealach iontach iad le daoine a spreagadh le bheith gníomhach arís tar éis cúpla mí den dianghlasáil de bharr COVID-19.

Cad é atá de dhíth?

Bealach siúlóide 

Grúpa Daoine (Cairde / Comharsana / Daoine ar spéis leo i siúl)

Veisteanna nó seaicéid sofheicthe do na rannpháirtithe ar fad

Is gá

Scaradh Sóisialta de 2m a chur i bhfeidhm;

Díghalrán lámh a úsáid;

Ainm agus Sonraí Teagmhála na rannpháirtithe uile a choinneáil chun taifead do rianú teagmhálaithe;

Céimeanna 

1.

 

Rannpháirtíocht a Spreagadh 

 

Iarr ar dhaoine eile i do cheantar a bheith mar bhall den ghrúpa siúlóide;

Déan taighde ar ghrúpaí pobal, coistí srl sa cheantar chun an t-eolas a scaipeadh orthu;

Iarr ar ghrúpaí an t-eolas a scaipeadh ar a gcuid teagmhálaithe;

Cuir tús le gréasán WhatsApp, Facebook nó ríomhphoist;

Is féidir bileoga a chló agus a scaipeadh go háitiúil chomh maith. 

2.

Roghnaigh Dáta agus Am

Roghnaigh dáta agus am a bheidh oiriúnach do réimse leathan daoine; 

Is fearr siúlóid a eagrú sa tráthnóna más féidir, bíodh sé le linn na seachtaine nó ag an deireadh seachtaine;

Roghnaigh áit éigin sa chomharsanacht don chéad siúlóid. 

Ná bíodh an chéad shiúlóid rófhada ach oiread le nach gcuirfidh sé as do dhaoine páirt a ghlacadh ann. 

3.

Leanúnachas 

Eagraigh siúlóid in aghaidh na seachtaine más féidir;

Athraigh an bealach a théann sibh ó am go chéile le suim na rannpháirtithe a choinneáil agus rannpháirtithe nua a spreagadh.

Leideanna sláinte ó thaobh Covid-19

Cuir scaradh sóisialta de 2m i bhfeidhm; 

Caith masc;

Nigh do lámha agus bain úsáid as díghalrán

Le spéis a léiriú, nó tuilleadh eolais a fháil, ní gá ach ríomhphost a chur chuig [email protected] anois!