Tae ag a Trí
1006
portfolio_page-template-default,single,single-portfolio_page,postid-1006,bridge-core-3.1.3,qode-page-transition-enabled,ajax_fade,page_not_loaded,,qode-title-hidden,footer_responsive_adv,qode-child-theme-ver-1.0.0,qode-theme-ver-30.2,qode-theme-bridge,disabled_footer_top,qode-portfolio-single-template-7,wpb-js-composer js-comp-ver-7.5,vc_responsive

Tae ag a Trí

Nuair a thosiagh na rialacha a laghdú agus muid abálta dul taobh amuigh, thosaigh muid Tae ag a trí le h inspioráid ó Helen O’Hara i gcontae Mhaigh Eo. Is imeacht náisiúnta, seachtainiúil é Tae ag a Trí a spreagann daoine seiceáil isteach lena gcomharsana ag a trí a chlog gach Satharn. Is imeacht scartha é, bíonn sé ar siúl ar leac an dorais, sa ghairdín, ar an ghuthán nó trí chomhrá fíorúil!

Déan cupán tae, bíodh comhrá agat le do chomharsa agus tacaigh le do phobal! Abair le do chairde Tae ag a Trí a dhéanamh in a bpobail féin.

Gabh i dteagmháil le Bróna le háiseanna saor in aisce a fháil trí: [email protected]

Cad é atá de dhíth?

Tae

Comharsana

Milseáin

Céimeanna 

1.

 

Rannpháirtíocht a Spreagadh 

Gabh i dteagmháil le do chomharsana faoin imeacht, ar an Satharn ag a trí nó aon am a fhoireann daoibh!

Gabh i dteagmháil trí WhatsApp, Facebook, bileoga a scaipeadh nó ríomhphost agus ceist a chur orthu teacht le chéile.

2.

Roghnaigh Áit

Is féidir tae a ól in áit ar bith! Bíodh comhrá beag agat sa ghairdín nó i bpairc aitiúil.

Ag brath ar an aimsir, tóg amach an chathaoir agus suígh le chéile gan strus nó buairt ar bhonn scartha.

3.

Déan na háiseanna saor in aisce a íoslódáíl

 Tá áiseanna againn le d’imeachtaí a fhógairt. Tá póstaeir agus bileoga againn is féidir leat a chur i gcló agus a chrochadh i do cheantar.

Gabh i dteagmháil le Bróna le háiseanna saor in aisce a fháil trí: [email protected]

4.

Ná lig don fhearthainn an spraoi a scroisadh. Bíodh Tae ag a Trí ar líne agaibh.

Is dóigh iontach í seo gach daoine faoin tuath a mhealladh isteach chomh maith.

Leideanna sláinte ó thaobh Covid-19

Cuir scaradh sóisialta de 2m i bhfeidhm; 

Caith masc;

Nigh do lámha agus bain úsáid as díghalrán

Le spéis a léiriú, nó tuilleadh eolais a fháil, ní gá ach ríomhphost a chur chuig [email protected] anois!