Meitheal Áitúil
926
page-template,page-template-full_width,page-template-full_width-php,page,page-id-926,bridge-core-2.3.2,ajax_fade,page_not_loaded,,qode-title-hidden,footer_responsive_adv,qode-child-theme-ver-1.0.0,qode-theme-ver-21.8,qode-theme-bridge,disabled_footer_top,wpb-js-composer js-comp-ver-6.2.0,vc_responsive

Meitheal Áitiúil

I mbliana, ní raibh seans againn Féasta Sráide a bheith againn mar is ceart go fóill! Ach, bhí muid fós ábalta pobail agus comharsana a mhealladh le chéile.

I gcomhpháirt le Féasta Sráide, cuireadh Meitheal Áitiúil ar bun againn, scéim a chuidigh pobail fud fad na tíre cuidiú agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhí i mbaol i rith COVID-19 agus an t-ordú dianghlasála.

Ba dheis í seo ár bpobal a thógáil, le cinntiú go raibh tacaíocht acu agus go raibh nasc idir na comharsana ag éirí níos láidre. Bhí muid in ann gréasán d’oibrithe deonacha agus comharsana a thógáil, d’oibrigh siad go crua, sholáthraigh siad bia, leigheas agus breoslaigh do dhaoine agus rinne siad fabhair riachtanacha do dhaoine ina bpobail féin.

Cruthaítear Meitheal Áitiúil le cinntiú nár mhothaigh duine ar bith tréigthe in a bpobal féin agus le pobail láidre a thógáil agus a spreagadh. Tá imeachtaí agus smaointí nua againn, féach thíos le níos mó eolas a fháil.

 

Ba ea an phríomhsprioc a bhí ag Meitheal Áitiúil ná, na tonscnaíochta áitiúla a chomhordanáidiú leis an éifeacht is mó a bhaint amach. Tá muid fós ag obair ar seo, más maith leat do ghrúpa a chlárú linn nó áiseanna saor in aisce a fháil, gabh i dteagmháil le Bróna ar brona@antoireachtas.ie

Fáilte chuig ár dTreoirleabhar d’Imeachtaí Pobal!

Tá neart smaointe le chur i bhfeidhm i do phobal! 

Leis an tír ar fad ag fanacht sa bhaile, tá deis anois againn lenár bpobail a chuimsiú agus bheith ag obair iad a fheabhsú. 

Tá go leor imeachtaí againn le tús a chur leis!

Déan cinnte go bhfuil na leideanna sláinte ó thaobh Covid-19 ar eolas agat.