Treisigh na nascanna i do cheantar agus cuir áis iontach ar fáil don phobal le bosca leabharlainne áitiúil. Spreag do chomharsana le leabhair a dheonú do gach leabhar a thógann siad amach as.
Bosca leabharlainne síonfhriotaíoch
Leabhair
Grúpa Daoine
Tóg do bhosca leabharlainne féin
Is féidir leat do bhosca leabharlainne a thógáil ó réimse leathan ábhar, idir sheanseilfeanna agus chófraí seanchaite;
Is féidir tionscadal teaghlaigh a dhéanamh as seo, nó cuidiú a iarraidh ó ghrúpaí pobal éagsúla ar nós Bothán na bhFear;
Bí cinnte go gcuirtear doras ar an bhosca chun na leabhair a chosaint;
Lig do pháistí an cheantair an bosca a mhaisiú
Aimsigh an láthair cheart
Is cuma más in eastát tithíochta atá tú nó in áit tuaithe, tá sé tábhachtach teacht ar an áit cheart don leabharlann.
Is féidir é a chur i ngairdín nó i bpáirc phoiblí, ach bí cinnte go n-iarrann tú cead dó más gá.
Líon an bosca
Déanann leabhair leabharlann.
Is féidir na céad leabhair a aimsiú i do theach féin is dócha, seans go gcuirfidh duine eile suim sna leabhair sin nár amharc tú orthu le blianta, cuir iad i do leabharlann.
Iarr ar do chomharsana amhlaidh a dhéanamh agus roimh i bhfad beidh bailiúchán galánta agat.
Leag síos rialacha
Is é an phríomhriail ná gur gá leabhar a dheonú do gach leabhar a ghlactar.
Is féidir roinnt rialacha simplí eile a leagan síos más maith agus iad a ghreamú ar thaobh an bhosca.
Sláinte agus sláintiú
Tá sláintiú an-tábhachtach i gcomhthéacs Covid-19.
Cuir díghalrán lámh i do leabharlann agus iarr ar dhaoine leabhair agus a gcuid lámha a ghlanadh sula gcuireann siad leabhar sa leabharlann agus nuair a thógann siad iad amach as
Cuir scaradh sóisialta de 2m i bhfeidhm;
Caith masc;
Nigh do lámha agus bain úsáid as díghalrán
Le spéis a léiriú, nó tuilleadh eolais a fháil, ní gá ach ríomhphost a chur chuig [email protected] anois!