Club Leabhar
955
portfolio_page-template-default,single,single-portfolio_page,postid-955,bridge-core-3.2.0,qode-page-transition-enabled,ajax_fade,page_not_loaded,,qode-title-hidden,footer_responsive_adv,qode-child-theme-ver-1.0.0,qode-theme-ver-30.6,qode-theme-bridge,disabled_footer_top,qode-portfolio-single-template-7,wpb-js-composer js-comp-ver-7.9,vc_responsive

Cuir tús le Grúpa Siúlóide i do Cheantar Áitiúil 

Tosaigh do Chlub Leabhair féin agus spreag paisean sa léitheoireacht. Aimsigh leabhar nua le léamh agus cruthaigh ábhair úra díospóireachta. 

Cuir aithne ar do chomharsana agus déan cairde nua.

 

Is féidir gach rud thuas a dhéanamh go fíorúil. 

 

Cad é atá de dhíth?

Leabhair

Léitheoirí

Gléas físchomhdhála

Céimeanna 

1.

 

Aimsigh léitheoirí eile

 

Iarr ar dhaoine eile i do cheantar a bheith mar bhall den chlub leabhar;

Cuir tús le gréasán WhatsApp, Facebook nó ríomhphoist;

Tabhair cuireadh do dhaoine a bheith páirteach ann.
Níl de dhíth ach idir 3-5 daoine le tús a chur leis seo.

2.

Eagraigh an chéad teacht le chéile

Eagraigh teacht le chéile físchomhdhála agus bíodh cupán tae nó caife ag na rannpháirtithe le chéile;

Labhair lena chéile faoi na húdair is fearr libh, na leabhair atá léite agaibh ar na mallaibh agus na spriocanna léitheoireachta pearsanta atá agaibh;

Déan na cinntí seo a leanas sa chéad chruinniú: 

Modh roghnaithe na leabhar; 

minicíocht na gcruinnithe; agus 

dáta an chéad teacht le chéile eile. 


3.

Roghnaigh leabhar

Labhair leis an ghrúpa agus pioc ábhar léitheoireachta. 

Tá go leor áiseanna iontacha saor in aisce trí https://www.librariesireland.ie/elibrary

Níl de dhíth ort ach cárta ballraíochta

4.

Leanúnachas

Is bealach iontach é club leabhar le daoine a spreagadh leabhar iomlán a léamh. 

Bí cinnte go dtagann sibh le chéile go minic agus go spreagann sibh a chéile leanúint leis an léitheoireacht. 

Leideanna sláinte ó thaobh Covid-19

Cuir scaradh sóisialta de 2m i bhfeidhm; 

Caith masc;

Nigh do lámha agus bain úsáid as díghalrán.;

Eagraigh na cruinnithe ar Zoom más féidir.

Le spéis a léiriú, nó tuilleadh eolais a fháil, ní gá ach ríomhphost a chur chuig [email protected] anois!